Gréagach ab ea Aesóp. Rugadh é timpeall sé chead bliain roimh Chríost. Daor ab ea é. Mhair sé le linn Sholóin, an tOllamh dlí ba mhó dá raibh ar Ghréagaigh. Insíodh sé na faibhle mar sholaoidí, chun comhairle a leasa a thabhairt do ríthe agus do chumhachtaí na haimsire sin. N’fheadar ach go mbeadh polaiteoirí ár linne in ann ceacht nó dhó a d’fhoghlaim uathu ar mhaithe leis an bpobal. Tá na faibhle céanna á n-insint ó shin anuas i dteangacha agus in urlabhraí an domhain.Táthar á n-insint anseo arís i nGaeilge san aistriúchán a dhein an tAthair Peadar Ó Laoire (An tAthair Peadar Ua Laoghaire: 1839-1920) breis is céad bliain ó shin. Bhí an cnuasach sin a d’aistrigh sé ar na leabhair is túisce a chuir sé le chéile. Níor sáraíodh é ar chruinneas ná ar bhinneas ná ar fhuinneamh na scéalta. Bhí ard-bhuíochas tuillte ag an Dochtúir Dómhnall Ó Mathghamhna (1872-1942) i dtaobh a fheabhas a dhein sé eagarthóireacht ar an leabhar seo. Oidhre ar an Athair Peadar ab ea an dochtúir sa mhéid gurbh í Gaeilge an Athar Peadar a scríobhadh sé féin. Tá a théacs cóirithe as an nua anseo le hé a chur ar fáil do ghlúin nua léitheoirí. Rinne an t-aistritheoir bisiúil Risteárd Mac Annraoi athchóiriú ar leabhar an Athar Ó Laoire. Tá 94 fabhal sa leabhar seo. Is scéalta gonta iad na faibhle. Tá léaráidí ar fud an leabhair. Líon na leathanach: 104 Bliain a fhoilsithe: 2019 Is leabhar athláimhe é an leabhar seo. B'fhéidir go mbeadh suim agat freisin i Scott Pilgrim i nGaeilge.